Casann Mártan le cailín beag bricíneach sa tsráid agus tugann sí ar cuairt é chuig gabha mistéireach ina cheárta agus cuireann in aithne é d’amhránaí álainn rua. Ach cé na trioblóidí atá ag an mBean Rua agus a hiníon? Agus cé hé an gabha a bhfuil ceárta aige taobh thiar den gharáiste?
Kingston, Iamáice, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, téann Louise Bheag agus Benjamin chun farraige sa tóir ar a n-athair, an foghlaí mara clúiteach, an captaen Roc. Gabhann cabhlach Shasana iad, agus caitear i gcillín iad in oileán Iamáice. Ach le chéile, faigheann siad cabhair ó na foghlaithe mara, Parabas agus Marie Dhearg, agus déanann siad iarracht éalaú ó Iamáice le dul sa tóir ar a n-athair arís. Ach ní hiad amháin atá ar a thóir!
An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, taistealaíonn Louise Bheag agus Benjamin trasna an Atlantaigh sa tóir ar a n-athair. Ag teannadh le cósta Mheicsiceo, cloiseann Louise Bheag agus Benjamin go bhfuil a n-athair sa tóir ar ór na nIncach. Ach ní mar a síltear bítear. Is gearr go mbíonn an cúpla i gcroílár na foraoise, i gcathair Phéist na gCleití. Agus níl ansin ach a thús!
An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, taistealaíonn Louise Bheag agus Benjamin trasna an Atlantaigh sa tóir ar a n-athair. Tar éis an Mhuir Chairb a chuardach, tagann siad aire faoi dheireadh — i bpríosún Spáinneach i Veracruz agsu é le daoradh chun báis! Tá siad ag brath ar a leasdeir?úr le cabhrú leo é a thabhairt slán. Ach an féidir brath ar Mharie Dhearg?
Muir Chairb, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, taistealaíonn Louise Bheag agus Benjamin trasna an Atlantaigh sa tóir ar a n-athair, an foghlaí mara clúiteach Captaen Roc. Tar éis an Mhuir Chairb a chuardach, tagann siad air faoi dheireadh agus, cé go bhfuil ríméad orthu teacht air, fágann sé ina dhiaidh iad ag obair i dtabhairne An Ochtapas Dubh. Ach tá an bheirt ag éirí tuirseach den síorobair agus glanadh agus ag faire ar an gcéad deis a thabharfadh chun farraige iad!
An tAigéan Atlantach, sa bhliain 1660. Ar bord Ordóg na Feirge agus iad sa tóir ar a n-athair, cuireann Louise Bheag agus Benjamin eolas ar shaol na mara. Agus baintear obair astu! Tar éis dóibh teacht slán as stoirm uafásach ar an bhfarraige, fágtar an bheirt ar long na dtaibhsí!